Loading ...
Loading ...
Loading ...
28
na spéaclaí as go huathoibríoch.
Leibhéal an cheallra
Is féidir leat leibhéal an cheallra a sheiceáil
nuair a chasann tú na spéaclaí 3D air.
• Má tá an solas LED uaine agus má
fhanann sé air ar feadh 4 soicind, is féidir
leat na spéaclaí a úsáid ar feadh 3 uair nó
níos mó.
• Má chaochann an solas LED uaine ar
feadh 4 soicind, tá níos lú ná 3 uair féachana
3D fágtha.
Luchtú na spéaclaí 3D
Féach léaráid B.
Chun na spéaclaí a luchtú, plugáil isteach an
pluga micro USB agus nasc an gnáthphluga
USB leis an teilifís, an ríomhaire nó leis an
mol USB. Ní mór don teilifís nó ríomhaire a
bheith casta air chun luchtú.
Nuair atá an ceallra á luchtú, bíonn an solas
LED dearg agus fanann sé lasta go dtí go
mbeidh an ceallra luchtaithe go hiomlán.
D’fhéadfadh sé suas le 3 uair a thógáil chun
ceallra folamh a luchtú. Ligeann ceallra atá
luchtaithe go hiomlán do 80 uair féachana
3D.
Cluichíocht dhá imreoir
Is féidir leat na spéaclaí seo a úsáid chun
cluichí dhá imreoir a imirt. Is féidir le beirt
imreoirí féachaint ar an teilifís chéanna ach
dhá scáileán éagsúla a fheiceáil chun cluiche
a imirt.
Chun na spéaclaí a athrú le go bhféadfá
féachaint ar scáileán Imreoir 1 nó Imreoir
2, cas air na spéaclaí agus ansin brúigh an
cnaipe Air arís agus arís.
Oscail Cúnamh i roghchlár Baile na teilifíse
chun tuilleadh eolais a fháil.
Aire a thabhairt do na spéaclaí
• Úsáid ceirt ghlan bhog (micrisnáithín nó
ainín cadáis) chun na lionsaí a ghlanadh
ionas nach scrabhfar iad. Ná spraeáil ábhar
glanta díreach ar na spéaclaí 3D go deo, mar
go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh do na
leictreonaic.
• Ná húsáid ceimiceáin ghlanta a bhfuil alcól,
tuaslagóir nó dromchlaghníomhaí iontu,
céir, beinséin, tanaitheoir, éarthach muiscíte
nó bealadh. Tá dídhathú nó scoilteanna in
ann tarlú má úsáidtear na ceimiceáin sin.
• Ná húsáid ceimiceáin ghlanta a bhfuil alcól,
tuaslagóir nó dromchlaghníomhaí iontu,
céir, beinséin, tanaitheoir, éarthach muiscíte
nó bealadh. Tá dídhathú nó scoilteanna in
ann tarlú má úsáidtear na ceimiceáin sin.
• Ná lig do na spéaclaí 3D titim ar an urlár,
ná lúb iad agus ná cuir brú ar lionsaí na
spéaclaí 3D.
• Ná déan iarracht an ceallra inathluchtaithe
a athsholáthar. Ní féidir é a athsholáthar.
Loading ...
Loading ...
Loading ...